Company: |
TG4 |
Position: |
EAGARTHÓIR COIMISIÚNAITHE CLÁR |
Location: |
Galway |
Contact: |
|
Address: |
|
Phone: |
|
Date Posted: |
3rd December 2014 |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais don phost tábhachtach dúshlánach seo i gcroí-lár na seirbhíse.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe si gCeannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe.
I measc na bpríomh-dhualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:
- Ard-bhreithiúnas eagarthóireachta a fheidhmiú ar ábhar craolta teilifíse
- Iarratais iomlána na mBabhtaí Coimisiúnaithe a léamh agus a mheas.
- Bheith páirteach i roghnú na n-iarratas is fearr a oireann do riachtanais an Chlársceidil
- Cúram a dhéanamh do na cláracha atá á gcoimisiúnú idir fhorbairt smaoinimh, struchtúr, script, fhiúntas agus bhuiséad
- Ról gníomhach comhpháirteach a imirt i bhforbairt an chlársceidil agus lucht féachana TG4 trí idirbheartaíocht agus chomhpháirtíocht le rannóga eile TG4 – Sceideal, Margaíocht, Blaisíní &rl
- Cláracha Gaeilge den scoth a sholáthar do phríomh-sceideal TG4 atá ar ard-chaighdeán agus a thugann an luach is fearr ar airgead
- An córas coimisiúnaithe agus deiseanna oiliúna a úsáid chun an earnáil neamhspleách léiriúcháin Gaeilge a fhorbairt.
- Comhpháirtíocht a chruthú agus comhléirithe a fhorbairt i bpáirt le heagrais chistíochta agus craoltóirí eile – Údarás Craolacháin na hÉireann, Bord Scannán na hÉireann, An Chomhairle Ealaíon, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Féilte Scannán agus Teilifíse.
- Seasamh agus íomhá an chraoltóra poiblí a chur chun cinn agus a bheith mar éascaitheoir do léiritheoirí agus do chomhlachtaí neamhspleácha.
I measc na bpríomh-scileanna atá riachtanach don ról seo, tá:
- Suim i bhforbairt chlár teilifíse agus ábhar don Seinnteoir agus d’ardáin eile
- Tuiscint ar sceideal TG4 agus ar an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn sé
- Eolas ar fhreagrachtaí craoltóra poiblí maidir le Cóid Caighdeán Clár &rl agus a gcomhlíonadh
- Taithí agus eolas ar léiriú clár teilifíse Gaeilge i saol il-ardáin dian-iomaíoch
- Tuiscint ar oibríocht teilifíse, ar bhuiséid agus ar théarmaí trádála
- Cruthaíocht mar aon le scileanna ríomhaireachta agus riaracháin
- Ábaltacht mhaith d’obair fhoirne, cumas réiteach le daoine agus caidreamh maith a chruthú agus a chothú
- Ard-chumas cumarsáide, idir scríofa agus labhartha.
Seol d’iarratas mar aon le achoimre 500 focal ag leagan amach do smaointe faoin bpost seo chuig cv @ tg4.ie nó Oifig an Ardstiúrthóra, TG4. Baile na hAbhann Co na Gaillimhe roimh 4pm Aoine 2 Eanáir 2015.
Is fostóir comhionannas deise TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.
Tacaíonn TG4 le fostú daoine le míchumas
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 2nd January 2015
http://www.tg4.ie/
|