Conradh 2 Bhliain
Is mian le TG4 Eagarthóir Coimisiúnaithe a earcú. Ag freagairt don Bhainisteoir Coimisiúnaithe, beidh an tEagarthóir Coimisiúnaithe Clár freagrach as cláracha a fhorbairt, a choimisiúnú agus a cheannach a oireann do TG4 de réir riachtanais sceideal na gclár agus spriocanna TG4 atá ar an gcaighdeán is airde agus is mó luach do phobal féachana leathan TG4 in Éirinn agus ar fud an domhain.
Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar chláracha do dhaoine óga atá á gcoimisiúnú idir fhorbairt smaointe, struchtúr an chláir, script, ionchur ealaíon, fhiúntas, bhuiséad agus seachadadh. I measc na bpríomhdhualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:
• Cláracha Gaeilge den scoth do dhaoine óga a sholáthar do phríomhsceideal agus ilardáin TG4/ Cúla4 atá ar ardchaighdeán agus a thugann an luach is fearr ar airgead
• Ard-bhreithiúnas eagarthóireachta a fheidhmiú ar ábhar craolta teilifíse agus ilardáin
• Iarratais faoi na Babhtaí Coimisiúnaithe a léamh agus a mheas.
• A bheith páirteach i roghnú na n-iarratas is fearr a oireann do riachtanais an lucht féachana
• Treoir choimisiúnaithe a thabhairt do na comhlachtaí léiriúcháin
• Ról gníomhach comhpháirteach a imirt i bhforbairt an chlársceidil agus lucht féachana TG4 trí idirbheartaíocht agus comhpháirtíocht le rannóga eile TG4 – Sceideal, Margaíocht, Meáin Shóisialta, Idirlíon srl.
• An córas coimisiúnaithe agus deiseanna oiliúna a úsáid chun earnáil na léiriúchán neamhspleách Gaeilge a fhorbairt.
• Ceannacháin agus athcheadúnú cláracha nach cláracha Gaeilge iad
• Dul i mbun plé le soláthróirí idirnáisiúnta, féachaint ar mhíreanna bolscaireachta agus freastal ar imeachtaí margaidh.
• Comhpháirtíocht a chruthú agus comhléirithe a fhorbairt i bpáirt le heagrais chistíochta agus craoltóirí eile – Coimisiún na Meán, Bord Scannán na hÉireann, an Chomhairle Ealaíon, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Féilte Scannán agus Teilifíse.
• Seasamh agus íomhá an chraoltóra phoiblí a chur chun cinn agus a bheith ina éascaitheoir ag léiritheoirí agus comhlachtaí neamhspleácha.
• Polasaí chláracha TG4 a fhorbairt mar fhoireann agus i gcomhar leis an Ard-Stiúrthóir.
• Clár coimisiúnaithe a aontú don chraoladh trí aontú réamhlíne agus foirm Rialúcháin TG4.
• Tuiscint ar na rialacháin a bhaineann le cosaint agus leas leanaí
Nithe atá riachtanach don phost seo:
A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
Tuiscint ar an lucht féachana agus go mór mhór an lucht féachana óg agus ar na cláracha agus ábhar ilardáin a mheallann iad.
Saineolas ar chláracha teilifíse agus ábhar ilardáin a fhorbairt
Tuiscint ar sceideal TG4 agus ar an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn sé
Eolas ar fhreagrachtaí craoltóra phoiblí maidir le caighdeáin agus cóid ábhartha clár.
Taithí agus eolas ar chláracha teilifíse Gaeilge a léiriú i ndomhan dian-iomaíoch ilardáin
Tuiscint ar oibríochtaí teilifíse, bainistiú buiséid, dlí na meán cumarsáide, cearta craolta agus ar théarmaí trádála na hearnála
A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach, éifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
Meon dearfach i leith na hoibre agus ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann.
Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta, ar na hardáin meán sóisialta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa. Eolas ar chórais TG4 (What’sOn, Mediator) ina bhuntáiste, ach cuirfear traenáil ar fáil.
A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Is 4pm Dé Luain an 16 Deireadh Fómhair an dáta deireadh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 16th October
|