10 December 2023 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Bainisteoir Acmhainní Daonna
Location:
Baile na hAbhann
Contact:
Address:
Phone:
Date Posted:
2023-09-19
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Conradh Buan 

Is mian le TG4 Bainisteoir Acmhainní Daonna a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag freagairt don Stiúrthóir Oibríochtaí & Acmhainní Daonna, beidh an Bhainisteoir Acmhainní Daonna i gceannas ar ghnóthaí acmhainní daonna TG4 a bhainistiú.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Ról 
Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar chlár oibre agus dualgais acmhainní daonna na h-eagraíochta. I measc na réimsí freagrachta a bheidh i gceist, beidh:
•    Comhairle agus cabhair Acmhainní Daonna don fhoireann
•    Forbairt polasaithe
•    Fostaíocht & Earcaíocht
•    Riaradh Acmhainní Daonna
•    Caidreamh oibre & thionsclaioch
•    Bainistiú Córais Measúnaithe
•    Sláinteachas & Folláine
•    Foghlaim & Forbairt
•    Traenáil & Oiliúint
•    Pleanáil Comharbachta
•    Éagsúlacht, Cothromas & Áireamh (DEI)

Nithe atá riachtanach don phost seo:
•    A bheith tiomanta chun Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm 
•    Cáilíocht oiriúnach, aitheanta triú leibhéal sa réimse Acmhainní Daonna/Bainistíochta/Caidreamh Thionsclaíoch/Gnó/Eile. 
•    Tuiscint chuimsitheach ar reachtaíocht Éireannach agus Eorpach maidir le dlí na fostaíochta. 
•    Taithí cheithre bhliana ar a laghad ag leibhéal sinsearach bainistíochta Acmhainní Daonna a bheith acu.
•    Cumas cruthaithe ceannaireachta agus féinspreagthachta. 
•    Taithí ar thaighde agus deáchleachtais a fhorbairt agus a chuir i bhfeidhm maidir le forbairt acmhainní daonna in eagraíocht.  
•    Scileanna éifeachtacha pleanála agus bainistiú tionscadail  a bheith acu agus cumas chun oibriú i dtreo spriocanna agus amscálaí sonracha pearsanta, foirne agus straitéiseacha. 
•    Ardscileanna áisitheoireachta, cumarsáide & cur i láthair
•    Sárchumas cruthaithe do chaidreamh idirphearsanta agus idirbheartaíochta.
•    Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge líofa ag iarrthóirí, idir scríobh agus ó bhéal.
 

Is 4pm Dé Luain, 9 Deireadh Fómhair an spriocdháta d’iarratais.  Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 9th October, 2023










 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri bahis siteleri yeni giris casino siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren slot siteleri