29 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Seirbhísí Fotheideal
Location:
Galway
Contact:
Anna Marie
Address:
Phone:
Date Posted:
April 8th
Email:
annamarie.nic.dhonnacha @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

TG4 - Seirbhísí Fotheideal

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó chomhlachtaí cáilithe chun na seirbhísí seo a leanas a sholáthar do thréimhse trí bliana ó thús mhí Bealtaine 2021. Tá sé aicme i gceist: 

A: Fotheidil dóibh sin ar bheagán Gaeilge

B: Fotheidil do dhaoine a bhfuil lagú éisteachta ag dul dóibh 

C: Fotheidil ar chraoltaí beo

D: Fotheidil i nGaeilge agus i mBéarla araon

E: Fotheidil i nGaeilge d’fhoghlaimeoirí

F: Fotheidil i nGaeilge &/nó i mBéarla d’ábhar neamhlíneach

Mar chabhair d’iarrthóirí, beidh fáil, ach é a iarraidh, ar mheastachán den líon uaireanta an chloig agus aicmí clár do gach aicme A-F.

Ní gá gur ionann an meastachán sin agus an líon uaireanta a bheidh i gceist in aon chonradh a thairgfí de thoradh na tairisceana seo. 

Iarrtar ar chomhlachtaí ar suim leo an tseirbhís seo, an soláthar iomlán nó aon chuid de agus atá in ann a chruthú go bhfuil an scil agus an tsaintaithí acu lena dhéanamh, iarratais i scríbhinn a sholáthar. Ní foláir buiséad ina sonraítear miondealú ar an gcostas san uair an chloig a chur ar fáil mar chuid den iarratas mar aon le sonraí ar aon lascaine a bheadh ar fáil de réir ollsoláthair.

Iarratais: 

Caithfear na hiarratais a chur isteach go leictreonach, tráth nach déanaí ná 6pm Dé Luain, an 26 Aibreán 2021.
Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘Babhta Fotheideal’, ón roghchlár anuas a roghnú. Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin a chinntiú go bhfuil na hiarratais seachadta.

Tuilleadh eolais 

Is féidir tuileadh eolais agus meastachán den líon uaireanta an chloig maidir leis an iarratas seo a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig Máire Aoibhinn Ní Ógáin – Send Message 

Má bhíonn aon cheist agat maidir leis an bpróiseas leictreonach seachadta, cuir r-phost chuig Anna Marie Nic Dhonnacha.

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile. 

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéir Ioncaim.
Faoin gconradh seo, beidh cearta iomlána ag TG4 ar na fotheidil.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon eolas íogair (más ann) agus an chúis gur eolas íogair é a chur in iúl. Ní féidir glacadh leis nach gcuirfear iallach ar TG4 eolas a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur eolas íogair é agus go bhfuil sin curtha in iúl aige do TG4. 


Apply Now / Email: annamarie.nic.dhonnacha @ tg4.ie

Deadline: April 26th





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet