28 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Eagarthóir / Léiritheoir
Location:
Galway
Contact:
Orla
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
Deireadh Fhómhair 10ú
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Eagarthóir / Léiritheoir – Conradh Cuspóra Seasta – Saoire Mháithreachais a chlúdach

Is mian le TG4 Eagarthóir / Léiritheoir a earcú chun tréimhse saoire máithreachais a chlúdach.  Ag freagairt don Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha, beidh an tEagarthóir / Léiritheoir i mbun ábhar margaíochta a léiriú agus a stiúradh d’ardáin ar leith chomh maith le cúram léiritheora/bainistíochta a bheith air ar thograí ar leith.

An Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith.  I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Tograí físe margaíochta d’ardáin éagsúla a léiriú agus a stiúradh
  • Ábhar a bheidh á chruthú a léiriú agus a eagrú
  • Ábhar a chruthú agus a fhoilsiú
  • Ábhar a fhorbairt do shraitheanna ‘gearrfhoirme’
  • Script nó Ceannlínte tarraingteacha a chumadh i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Ceannaireacht ar Thograí faoi leith (m/sh ardán, feachtais nó léiriúcháin)
  • Stíl agus struchtúir a fhorbairt d’ábhar físe margaíochta
  • Foirne Léiriúcháin a chomhordú


Nithe atá riachtanach don phost seo:.

A bheith tiomanta Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.

Treoir ealaíonta a thabhairt maidir le hábhar físe.

Tuiscint ar mhargaíocht agus ar chur chuige cumarsáide.

Ábalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Ard-scileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le cumas cóipscríbhneoireachta

Sár-thuiscint ar na hardáin dhigiteacha, na meáin shóisialta agus lucht féachana na n-ardán éagsúil

Duine dearfach, go maith ag obair le foireann agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú

Beidh taithí mhaith ag an té a cheapfar ar ríomhaireacht (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).

Tuiscint ar an lucht féachana

A bheith sásta freastal ar an láthair oibre sa gCeannáras de réir mar a oireann.

4pm Déardaoin an 29 Deireadh Fhómhair an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig an riomhphoist.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.  Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: Deireadh Fhómhair 29ú





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet