Ealaíontóir Grafach– Conradh Cuspóra Seasta – Saoire Mháithreachais a chlúdach
Is mian le TG4 Ealaíontóir Grafach a earcú chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach. Ag freagairt don Bhainisteoir Cruthaitheach, beidh an tEalaíontóir Grafach freagrach as ábhar cruthaitheach a chruthú atá dírithe ar phobal féachana ar leith, trasardáin.
An Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar físiúil, cruthaitheach agus nuálach a dhearadhdo thograí ar leith,chomh maithle hAitheantais agus Brandaí TG4a fhorbairt trí ábhar cumarsáide atáfísiúil agus ar ardchaighdeán a chruthú trasardáin. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
• Dearadh a dhéanamh ar Ardáin (m/shAipeanna,Suíomhannasrl)
• Ábhar cumarsáide físiúil a chruthú, trasardáin
• Brandaí a dhearadh agus cur le brandaí reatha
• Ábhar Clóite a dhearadh
• Ábhar Físe a chruthú
• Ábhar a chruthú d’FheachtaisBlaisíní / Margaíochta / Fógraíochta
• Cúram a dhéanamh do chearta a bhaineann le hábhar léirithe
- Tograí ar leith a stiúradh ó am go chéile (m/sh Blaisín, Fógra, Mír Físe Gearrfhoirme)
Nithe atá riachtanach don phost seo:
A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí dearaidh is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí dearaidh atá reatha agus nuálach: Adobe After Effects, Adobe Media Encoder, Adobe Photoshop, Adobe Illustrator, Adobe InDesign, Canva, Adobe XD, Adobe Premiere agus Final Cut X.
A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin,go héifeachtach, i dtimpeallacht spreagúil.
Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar ábhar físiúil a chruthú.
A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidhábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
A bheith sásta freastal ar an láthair oibre sa gCeannáras de réir mar a oireann.
Is 4pm Dé Máirt an 13 Deireadh Fómhair an spriocdháta d’iarratais.Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais agus soeríl/sampla oibre chuig ríomhphoist.
Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: October 13th
www.tg4.ie
|