28 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | Nemeton TV
Company:
Nemeton TV
Position:
Oibrí OB faoi Oiliúint le Nemeton TV
Location:
Co. Port Láirge
Contact:
Julie
Address:
Phone:
+353 (0)58 46499
Date Posted:
May 28th
Email:
hr @ nemeton.ie

«Back To Jobs
 

Oibrí OB faoi Oiliúint le Nemeton TV

Buneolas

Cuirfear fáilte roimh iarratais d’oibreoir OB faoi oiliúint le Nemeton ag obair ar bheochraolta spóirt do TG4.

Is deis iontach í seo do dhuine a bheadh ag tosnú amach sa tionscal agus suim ar leith acu i réimse na mbeochraolta spóirt. 

Beidh an té a cheapfar ag fáil taithí phraicticiúil i réimsí graificí, físmheascadh agus stiúrú.

Is post lán-aimseartha ar chonradh bliana (12 mí) é seo, lonnaithe sa Rinn i gCo. Phort Láirge.

Maraon leis an taithí oibre bliana, rithfear clár ceardlanna acadúla i GMIT dírithe ar shaineolas sa tionscail a fhorbairt (dhá lá in aghaidh na míosa).

Nemeton - eolas

Is comhlacht léiriúcháin ar leith é Nemeton. Lonnaithe ar chósta álainn an oir-dheiscirt, táimid préamhaithe i gcultúr ársa Gaeltachta na nDéise. Is meascán é ár meitheal de léiritheoirí cruthaitheacha, ‘techies’ cliste agus saoithe spóirt. Léirímid cláir iontacha don dteilifís agus don idirlíon, déanaimid é a sheachadadh ar shaitilít agus thar IP agus traenáilimid daoine go leanúnach sna réimsí seo.

Le linn na tréimhse taithí oibre clúdófar na gnéithe seo a

leanas:

Scileanna Teicniúla

Rigeáil, innealtóireacht fís agus fuaim, ceamaradóireacht, obair ghraificí, staitisticí VT, físmheascadh agus Telestrator.

Scileanna Léirithe

Bainsiteoir urláir, cuntóir céirithe, léiriú, stiúrú, leis an bhéim ar stiúrú beochraolta

Obair réamhléirithe

Taighde, cúntóir léirithe, léiriúchán ginearálta, logáil físe, graificí, eagarthóireacht bhunúsach, bainistiú ar acmhainní digiteacha.

Riachtanais

Léireoidh an t-iarrthóir mian láidir chun oibre le meascán scileanna teicniúla agus léirithe. Paisean don spórt agus Gaeilge mhaith.

Beidh an-chuid taistil agus obair dheireadh seachtaine i gceist.

Íocfar tuarastal leis an té a cheapfar.

Seol iarratas agus CV chuig Send Message">hr @ nemeton.ie roimh an Aoine 28 Meitheamh.

Tá an post seo faoi scáth an Scéim Forbartha Oiliúna atá á mhaoiniú ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta chun sruth nua tallainne le Gaeilge a fhorbairt in earnáil na meáin chraolta.


Apply Now / Email: hr @ nemeton.ie

Deadline: June 28th





www.nemeton.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet