Company: |
TG4 |
Position: |
Bainisteoir Cumarsáide |
Location: |
Galway |
Contact: |
Orla |
Address: |
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0 |
Phone: |
n/a |
Date Posted: |
May 7th, 2019 |
Email: |
CV @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an phost Bainisteoir Cumarsáide.
Is post sinsearach, dúshlánach, é seo ag bainistiú obair phoiblíochta agus chumarsáide TG4. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach don Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochtaí.
Tá saibhreas clár agus ábhar ar líne á sholáthar ag TG4 don lucht féachana. Tá an chainéal ar fáil ar an iomaí árdán, ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain agus í mar aidhm ag TG4 an lucht féachana chuig na cláir a mhéadú, a suim a spreagadh agus ceangal a chruthú leo tras-ardán.
CÚRAMAÍ
Beidh an Bainisteoir Cumarsáide freagrach as feachtais chumarsáide TG4 a stiúradh agus as deimhniú go bhfuil scéalta a spreagfaidh suim, agus teachtaireacht shoiléir chomhordaithe á cur ós comhair an phobail. I measc na gcúramaí, beidh:
- Plean cumarsáide tras-ardáin a dhréachtú agus a fheidhmiú a chinnteoidh go bhfuil an pobal féachana ar an eolas faoi sceideal clár agus faoi sheirbhísí éagsúla TG4.
- Feachtais chumarsáide éifeachtacha, spreagúla, nuálacha a chumadh agus a chur i bhfeidhm.
- Nuacht Ráitis agus eolas tras-ardáin eile a dhréachtú go cruinn snasta sa dá theanga agus iad a eisiúint.
- Gaol a chothú leis na meáin chumarsáide, agus an cumas scéalta oiriúnacha a threorú chucu, i nGaeilge agus i mBéarla, a spreagfaidh a suim agus a ghinfidh poiblíocht.
- Eagrú agus bainistiú ar ócáidí poiblíochta TG4.
- Bainistiú foirne agus obair foirne a threorú.
- Buiséad a dhréachtú agus a bhainistiú.
- Déileáil le haiseolas/moltaí/gearáin ón lucht féachana.
- Feidhmiú mar urlabhraí TG4 de réir mar is gá.
TAITHÍ
Beidh taithí mhaith ag leibhéal sinsearach i réimsí na meán chumarsáide nó san earnáil phoiblíochta agus mhargaíochta ag an té a cheapfar.
Léireoidh sí/sé scil agus taithí i ndréachtú agus i mbainistiú poiblíochta agus i bhforbairt feachtais chumarsáide ar na meáin thraidisiúnta, sóisialta agus dhigiteacha, le teachtaireacht a chur in iúl don phobal.
I measc na gcumas riachtanacha:
- Taithí leathan sna meáin chumarsáide nó san earnáil margaíochta / poiblíochta.
- Sár-thuiscint ar chumas na meán shóisialta agus na n-ardán digiteacha lucht féachana a aimsiú.
- Ard-scileanna scríofa agus labhartha Gaeilge agus Béarla
- Cumas eolas a thiomsú sa dá theanga agus a chur i bhformáidí atá oiriúnach le dáileadh ar bhonn il-árdán
- Sár-scileanna cóipscríbhneoireachta, nathaíochta agus cumadh ceannlínte.
- Tuiscint ar na pobail fhéachana éagsúla atá ag TG4 agus cumas eolas a threorú chucu dá réir
Beidh an té a ceapfar ag bainistiú obair phoiblíochta TG4, agus ag comhoibriú le léiritheoirí clár agus le foirne eile (go hinmheánach agus go seachtrach) le hábhar poiblíochta a chruthú nó a chóiriú.
Post ar chonradh buan lán-aimsire.
Beidh an tuarastal de réir cháilíocht agus thaithí an té a roghnófar.
Seol CV maraon le litir iarratais ina leagtar amach an bealach a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo, chuig
CV @ tg4.ie roimh 5pm 7 Meitheamh 2019
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth agat, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Apply Now / Email: CV @ tg4.ie
Deadline: June 7th, 2019
www.tg4.ie
|