19 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Taithí Oibre Bliana
Location:
Galway
Contact:
Orla
Address:
Phone:
n/a
Date Posted:
April 3rd
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Scéim Taithí Oibre Bliana le TG4 do chéimithe nó do thosaitheoirí.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe/ó mhic léinn ollscoile le tréimhse bliana a chaitheamh ar thaithí oibre le TG4 i mBaile na hAbhann.

Is deis í seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil le tacú leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil le linn na bliana.

Tá oiliúnaithe á lorg sna réimsí seo a leanas:

> Comhordaitheoir do na meáin shóisialta.

Duine a bhfuil Gaeilge den scoth aige agus suim sna hardáin shóisialta atá á lorg. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint ar céard is scéal mealltach ann.

I measc na ndualgas, beidh míreanna gearra d’ardáin shóisialta TG4 le haimsiú, le sceidealú agus eagarthóireacht le déanamh orthu. Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta. Beidh buntáiste ag an té a mbeidh scileanna taifeadta aige.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair i réimse an léiriúcháin reatha ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair fhoilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.

> Forbróir Bogearraí / Forbróir Idirlín

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil oiliúint orthu i bhforbairt bogearraí agus i bhforbairt an idirlín. Beidh buntáiste ag an té a bhfuil eolas aige ar JavaScript, PHP, CSS, Phyton, Angular, Nodejs, agus ar na hardáin Linux, Windows, iOS, Android, Amazon Web Services. Cuirfear fáilte freisin roimh iarrthóirí a bhfuil eolas acu ar ghné deartha UI.

I measc na ndualgas, beidh tograí teicneolaíochta, aipeanna agus cláir idirlín le forbairt, go mór mór Seinnteoir TG4. Beidh taithí le fáil i bhforbairt córas chun ábhar a dháileadh ar na hilmheáin (Gléasanna Soghluaiste, Ríomhaire Deisce & Ceangailte). Beidh an ról oiriúnach do dhaoine a bhfuil scileanna bogearraí, códála, meán idirghníomhach agus néalríomhaireachta acu chomh maith le forbairt API.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar na córais seo a leanas atá in úsáid go coitianta ar ardáin TG4: Brightcove; WordPress, Amazon WebServices; Cloudinary, agus beidh deis ann tuiscint a fháil ar réimse na heolaíochta sonraí nó pearsantaithe ríomheolaíochta.

Seol CV mar aon le d’iarratas chuig cv @ tg4.ie. ina léirítear an tuiscint atá agat ar na gnéithe thuasluaite.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Dé hAoine an 26 Aibreán 2019.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.  Tacaíonn TG4 le  daoine faoi mhíchumas a fhostú.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: April 26th










 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri