20 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
STIÚRTHÓIR ÁBHAIR
Location:
Galway
Contact:
Karina Feirtéar
Address:
Phone:
n/a
Date Posted:
Monday, May 28th 2018
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

STIÚRTHÓIR ÁBHAIR

Conradh bliana

Is mian le TG4 deis a thabhairt duitse dul i mbun oibre le foireann chruthaitheach agus dhíograiseach i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

Is post bliana atá i gceist a thosóidh i lár mhí Iúil. Déanfaidh an té a cheapfar ábhar a chruthú d’fheachtais a bheidh le craoladh ar an aer agus ar ardáin shóisialta TG4.    

Beidh an té a cheapfar ag obair le rannóg margaíochta ábhar ilmheán TG4. Déanfaidh an té a cheapfar ábhar a thabharfaidh léiriú ar chatalóg saibhir agus éagsúil clár TG4 a roghnú, a léiriú agus a fhoilsiú.

Cúraimí  

  • Ábhar a chruthú a bheidh le seoladh ar an iliomad ardán chomh maith le go haer
  • Leas a bhaint as meascán bealaí chun ábhar atá mealltach agus ilroinnte a chruthú (fís, íomhánna, grianghraif, téacs, grafaicí mar shampla
  • Oibriú leis an bhfoireann margaíochta
  • Ábhar ar ardchaighdeán a chruthú - Eagarthóireacht, dath a cheartú, fuaim a mheascadh sula  bhfoilsítear é

Cáilíochtaí / Qualifications

  • Inniúil ar Final Cut Pro X.  Bheadh eolas ar After Effects & Photoshop ina bhuntáiste.
  • A bheith in ann ábhar a chruthú d’ardáin faoi leith & tuiscint mhaith ar ardáin dhigiteacha & an lucht féachana a bhíonn ag gníomhú orthu.
  • Gaeilge líofa.
  • Cleachtadh ar scéalaíocht le fís agus taithí ar thogra a chur i bhfeidhm de réir treorach.
  • Dea-scileanna eagrúcháin & a bheith in ann cúpla rud a dhéanamh ag an am céanna .
  • Tuiscint láidir ar threalamh & ar fhormáidí físe.
  • Scileanna maithe cainte agus cumarsáide físe, pointeáilte agus an cumas oibriú leis an bhfoireann chruthaitheach, bainisteoirí agus an baill foirne ag gach leibhéal. 
  • Dea-scileanna bainistíochta ama, teacht aniar agus an cumas oibriú as a stuaim féin agus i gcomhar le daoine eile i dtimpeallacht oibre a bhíonn ag gluaiseacht go pras.
  • Taithí i mbun obair chruthaitheach (3-5 bl.)

Seol sampla(í) de do chuid oibre, mar aon le CV agus d’iarratas chuig cv @ tg4.ie.

An dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: Dé hAoine 4pm 22/06/18

Is Fostóir Comhdheiseanna é TG4 agus is í an Ghaeilge teanga na hoibre. Tacaíonn TG4 le fostú daoine le míchumas


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: Friday, June 22th 2018










 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri