19 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Eagarthóir Idirlín
Location:
mBaile na hAbhann
Contact:
Lís Ní Dhálaigh
Address:
TG4, Baile na hAbhann, Co. Galway, Ireland eircode: H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
December 19th 2018
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

TG4 invites applications for a Web Editor (one year contract)

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost tábhachtach seo.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus freagrach don Bhainisteoir Idirlín.

Is conradh bliana atá i gceist (saoire mháithreachais).

Soláthraíonn seirbhís idirlín TG4 ábhar clár Gaeilge go domhanda ar Sheinnteoir TG4, ar Sheinnteoir Cúla4 tríd tg4.ie, cula4.com agus ar na hAipeanna.

Bheadh an té a cheapfar ag obair le foireann bheag idirlín TG4, ag leagan amach na leathanach ar Shuíomh Gréasáin TG4.ie agus ag díriú aird an lucht féachana ar ábhar ar Sheinnteoir TG4 atá ar fáil in Éirinn agus ar fud an domhain. Bheadh an té a cheapfar ag obair go dlúth freisin le meitheal Mheáin Shóisialta TG4.

I measc na bpríomh-chúramaí, beidh:

  • SEO: líon féachana ar Sheinnteoir TG4 a mhéadú – agus féachaint le TG4 a chur i dtús áite do lucht cuardaigh.
  • Tuairisciú rialta ar lucht féachana ar an Seinnteoir agus árdáin shóisialta TG4.
  • Forbairt agus leas cuí a bhaint as an mbunachar sonraí lucht úsáidte agus eolas tráthúil a sheoladh (margaíocht r-phoist) nó fiosrúcháin a fhreagairt.
  • Plean eagarthóireachta míosúil don Suíomh Gréasáin a dhréachtú agus a fheidhmiú.
  • Mionsuíomhanna clár TG4 a uasdátú go leanúnach.
  • Ábhar a chruthú/roghnú chun Suíomh TG4 a choinneáil mealltach, tráthúil.
  • Freastal de réir mar is gá ar riachtanais na n-ócáidí beochraolta ag TG4.

Ar na scileanna agus taithí atá riachtanach don ról seo, tá taithí phraicticiúil margaíocht dhigiteach, ina measc SEO, Google Analytics agus margaíocht r-phoist; maraon le taithí ar rianú ar lucht féachana ar-líne.

Is gá sár-chumas scríofa Gaeilge agus Béarla, géarchúis agus scil chun ábhar mealltach poiblíochta ar-líne a chruthú, agus cumas oibriú mar bhall fhoirne. Ba chabhair é eolas ar bhog-earraí idirlín; WordPress, Brightcove, Google Analytics, Mailchimp nó eile.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Seoltar iarratas mar aon le CV chuig cv @ tg4.ie


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: Janauary 19th 2018





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri