6 December 2023 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Maor Craolacháin
Location:
Galway
Contact:
Address:
Phone:
Date Posted:
2023-09-26
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Conradh Buan & Painéal 

Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá sé i gceist ag TG4 post, Maor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú ar chonradh buan agus ar phainéal.  Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.  

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Beidh na freagrachtaí seo a leanas ort:

•    A bheith oilte ar na bogearraí agus ar an trealamh atá in úsáid agus iad a oibriú go gairmiúil agus a bheith ar an eolas faoina bhfuil le déanamh i gcás éigeandála.
•    Sceideal TG4 a chur go haer
•    Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
•    Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (m/sh Ardáin Virgin / Cartlann)
•    A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán 
•    Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
•    Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
•    A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
•    Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna faoi réir na dtreoracha reatha 
•    Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá faoi réir na dtreoracha reatha 
•    Smacht a choinneáil ar chláracha agus pacáistí a thagann isteach go TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.

Riachtanais an phoist seo:

•    Ní mór céim sa chumarsáid nó taithí theicniúil bliana ar a laghad a bheith ag an iarrthóir.
•    Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide, súil ghrinn chun na mionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.   
•    Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh sé de chumas agat córais nua a fhoghlaim go tapa.  Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
•    Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith agat, idir scríobh agus labhairt na teanga.

Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé hAoine an 13ú Deireadh Fómhair 2023.
 


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 13th October








Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds
Trainee - Post Production Co-ordinator
Post Production   Deadline: December 8th
FilmEU Research Co-ordinator (Post-Doctoral Researcher II)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Operations Manager - FilmEU / European University (APO)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
FilmEU Academic Co-ordinator (Lecturer Structured)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Assistant Lecturer in Character and Makeup Design (Design for Film)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Senior Technical Officer
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Videographer - Creative Futures Academy (Technician Grade)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Client Service Co Ordinator
Screen Scene   Deadline: December 18th
Eagarthóir Coimisiúnaithe Comhlíontachta
TG4   Deadline: 22nd December, 2023


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri bahis siteleri yeni giris casino siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren slot siteleri