Company: |
TG4 |
Position: |
Bainisteoir Acmhainní Daonna |
Location: |
Baile na hAbhann |
Contact: |
|
Address: |
|
Phone: |
|
Date Posted: |
2023-09-19 |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Conradh Buan
Is mian le TG4 Bainisteoir Acmhainní Daonna a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag freagairt don Stiúrthóir Oibríochtaí & Acmhainní Daonna, beidh an Bhainisteoir Acmhainní Daonna i gceannas ar ghnóthaí acmhainní daonna TG4 a bhainistiú.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar chlár oibre agus dualgais acmhainní daonna na h-eagraíochta. I measc na réimsí freagrachta a bheidh i gceist, beidh:
• Comhairle agus cabhair Acmhainní Daonna don fhoireann
• Forbairt polasaithe
• Fostaíocht & Earcaíocht
• Riaradh Acmhainní Daonna
• Caidreamh oibre & thionsclaioch
• Bainistiú Córais Measúnaithe
• Sláinteachas & Folláine
• Foghlaim & Forbairt
• Traenáil & Oiliúint
• Pleanáil Comharbachta
• Éagsúlacht, Cothromas & Áireamh (DEI)
Nithe atá riachtanach don phost seo:
• A bheith tiomanta chun Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm
• Cáilíocht oiriúnach, aitheanta triú leibhéal sa réimse Acmhainní Daonna/Bainistíochta/Caidreamh Thionsclaíoch/Gnó/Eile.
• Tuiscint chuimsitheach ar reachtaíocht Éireannach agus Eorpach maidir le dlí na fostaíochta.
• Taithí cheithre bhliana ar a laghad ag leibhéal sinsearach bainistíochta Acmhainní Daonna a bheith acu.
• Cumas cruthaithe ceannaireachta agus féinspreagthachta.
• Taithí ar thaighde agus deáchleachtais a fhorbairt agus a chuir i bhfeidhm maidir le forbairt acmhainní daonna in eagraíocht.
• Scileanna éifeachtacha pleanála agus bainistiú tionscadail a bheith acu agus cumas chun oibriú i dtreo spriocanna agus amscálaí sonracha pearsanta, foirne agus straitéiseacha.
• Ardscileanna áisitheoireachta, cumarsáide & cur i láthair
• Sárchumas cruthaithe do chaidreamh idirphearsanta agus idirbheartaíochta.
• Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge líofa ag iarrthóirí, idir scríobh agus ó bhéal.
Is 4pm Dé Luain, 9 Deireadh Fómhair an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 9th October, 2023
|