10 December 2023 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Comhordaitheoir Meán Sóisialta
Location:
Baile na hAbhann
Contact:
Address:
Phone:
Date Posted:
2023-09-19
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Conradh 2 bliana 

Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais don phost Comhordaitheoir Meán Sóisialta.

Beidh an té a cheapfar ar dhuine d’Fhoireann Margaíochta TG4 agus iad freagrach as comhordú agus forbairt a dhéanamh ar ardáin Meán Sóisialta TG4. 

Is deis tábhacht iad na Meáin Shóisialta do TG4 chun nascadh a dhéanamh leis an bpobal féachana agus le pobal nua a mhealladh chuig ábhar TG4.  Cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar TG4, sainscil agus taithí acu ar na hardáin Shóisialta, agus Gaeilge & Béarla den scoth acu.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

An Ról

Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú a dhéanamh ar obair Mheáin Shóisialta TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cumarsáide.  I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh

•    Glór TG4 ar na meáin shóisialta a fhorbairt i gcomhar le foireann margaíochta TG4. 
•    Bainistiú a dhéanamh ar ardáin shóisialta TG4.
•    Feachtais mhargaíochta do na meáin shóisialta a léiriú, a fhorbairt agus a sceidealú. 
•    Cumarsáid, comhrá, agus aiseolas a thabhairt don phobal. 
•    Tuiscint ar na hathruithe a thagann ar na hardáin shóisialta agus na hathruithe sin a chur i bhfeidhm ar ardáin TG4. 
•    Treoir a thabhairt maidir le feachtais agus comhoibriú le foirne cruthaitheacha, cumarsáide agus láithreachais an chainéil ar na feachtais. 
•    Anailís a dhéanamh ar fheachtais agus tuairiscí a ullmhú. 
•    Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. 

Nithe atá riachtanach don phost seo:
•    A bheith tiomanta Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm. 
•    Sárthuiscint ar TG4 agus a lucht féachana.
•    Taithí ábhartha agus sárthuiscint ar na hardáin shóisialta. 
•    Cruinneas i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla.
•    Cumas cóipscríbhneoireachta atá tarraingteach agus a thagann le glór TG4 ar na hardáin shóisialta. 
•    Scileanna idirphearsanra agus cumarsáide.
•    Dearcadh dearfach, solúbtha agus a bheith in ann obair a dhéanamh faoi bhrú. 
•    Scileanna eagrúcháin agus pleanála agus in ann treoir a thabhairt. 

Is é 4pm Dé Luain an 9ú Deireadh Fómhair an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie.
 


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 9th October, 2023








Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds
FilmEU Research Co-ordinator (Post-Doctoral Researcher II)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Operations Manager - FilmEU / European University (APO)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
FilmEU Academic Co-ordinator (Lecturer Structured)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Assistant Lecturer in Character and Makeup Design (Design for Film)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Senior Technical Officer
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Videographer - Creative Futures Academy (Technician Grade)
IADT National Film School   Deadline: 11th December, 2023
Client Service Co Ordinator
Screen Scene   Deadline: December 18th
Eagarthóir Coimisiúnaithe Comhlíontachta
TG4   Deadline: 22nd December, 2023


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri bahis siteleri yeni giris casino siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren slot siteleri