Company: |
TG4 |
Position: |
Rúnaí / Fáilteoir |
Location: |
Baile na hAbhann |
Contact: |
|
Address: |
|
Phone: |
|
Date Posted: |
2023-09-19 |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
 |
«Back To Jobs |
|
|
Conradh 2 bhliain
Is mian le TG4 Rúnaí / Fáilteoir a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i mBaile na hAbhann.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
An Ról
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, teacht i láthair taitneamhach, ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
Ag freagairt don Bhainisteoir Oifige, beidh an Rúnaí / Fáilteoir freagrach as :
- Dualgais ghinearálta riaracháin agus tacaíochta a chur ar fáil ar fud rannóg
- Dualgais an fháilteora a chomhlíonadh
- Fáilte a chur roimh chuairteoirí, custaiméirí agus aíonna
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
- Eolas maith ar ríomhairí (sárthuiscint ar Excel, MS Office, ar na hArdáin Meán Sóisialta) agus an cumas córais nua a fhoghlaim go tapa
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach, i dtimpeallacht spreagúil.
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar obair riaracháin agus ar obair fáiltithe.
- A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Is ón 9:00-17:00, ó Luan go hAoine na huaireanta oibre.
Is 4pm Dé Luain an 9 Deireadh Fómhair 2023 an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 9th October, 2023
|