Company: |
TG4 |
Position: |
Bainisteoir Cruthaitheach |
Location: |
Galway |
Contact: |
Orla |
Address: |
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0 |
Phone: |
n/a |
Date Posted: |
6ú Eanáir |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Bainisteoir Cruthaitheach
De bharr athrú ar struchtúr na foirne is mian le TG4 Bainisteoir Cruthaitheach a cheapadh a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag freagairt don Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna, beidh an Bainisteoir Cruthaitheach freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an bhfoireann a bhíonn ag cruthú ábhair agus ar sheirbhís cruthaithe ábhair TG4.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
An Ról
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Clár oibre na foirne Cruthaithí a bhainistiú
- Seirbhísí Cruthaitheacha TG4 a bhainistiú do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
- Sruthanna oibre na foirne Cruthaithí a bhainistiú
- Monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán oibre an Mhoil Chruthaithigh agus an caighdeán sin a fheabhsú go leanúnach
- Plean forbartha áiseanna, acmhainní agus scileanna don Mhol Cruthaitheach a chur le chéile agus a fheidhmiú
- Monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí anailísíochta chun chomh héifeachtach agus atá an t-ábhar a chruthaíonn an Mol Cruthaitheach a mheas agus aiseolas a thabhairt ina leith
- Ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú agus a fhorbairt.
- Tuiscint ghrinn ar lucht féachana TG4
- Taithí ar mhonatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí anailísíochta, tuairisciú agus aiseolas a thabhairt
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Office 365, bogearraí cruthaitheacha agus dearaidh, na hardáin meán sóisialta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
- A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
4pm Dé Céadaoin an 19 Eanáir an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 21ú Eanáir
www.tg4.ie
|