19 April 2024 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Láithreoir CÚLA4
Location:
Gaillimhe
Contact:
Orla
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
Samhain 25ú
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Láithreoir CÚLA4

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Láithreoir ar Chainéal CÚLA4. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal CÚLA4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta.  Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach do Bhainisteoir  CÚLA4.

Duine  fuinniúil, cumasach atá ag teastáil chun ábhar clár agus míreanna Leanúnachais CÚLA4 a chur i láthair agus chun freastal ar ardáin shóisialta TG4.  

Cúramaí
Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú ina Ambasadóir Branda agus ina Láithreoir Leanúnachais le Cainéal CÚLA4 TG4.  Beidh an té seo freagrach as seo a leanas:

  • Cumarsáid a dhéanamh leis an lucht féachana ar Ardáin Shóisialta CÚLA4
  • Cur le branda TG4 trí Ghlór & Aitheantas a thabhairt don chainéal, ar an aer, ar líne agus i measc an phobail.
  • Ábhar & Leanúnachas a chur i láthair do Chainéal Cúla 4 TG4
  • Cumarsáid a dhéanamh leis an Lucht Féachana trí Ghuthú, na Meáin Shóisialta & srl.
  • Lucht féachana a threorú chuig ábhar Cúla 4 TG4.
  • Ionadaíocht a dhéanamh do TG4 ag ócáidí pobail & poiblí.

Nithe atá riachtanach don phost seo:

Cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus cumarsáide atá ag teastáil don phost seo.

  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • Fócas dearfach agus cumas maith foirne
  • Sár-thuiscint ar chumas na meán shóisialta agus na n-ardán digiteach lucht féachana a aimsiú.
  • Taithí ar ábhar físe / fuaime a chruthú do na hardáin shóisialta
  • Tuiscint ar an bpobal féachana atá ag CÚLA4
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Taithí mhaith taighde
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Is é 4pm Déardaoin an 9 Nollaig 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.  Seol d’iarratas mar aon le físeán samplach de do chumas láithreoireachta chuig cv @ tg4.ie.

Conradh 3 bliana atá i gceist leis an bpost seo.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá TG4 dearfach faoin Éagsúlacht. Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: Nollaig 9ú





www.tg4.ie


Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri