25 April 2024 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Comhordaitheoir Meán Sóisialta
Location:
Gaillimhe
Contact:
Address:
Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
Bealtaine 7ú
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Comhordaitheoir Meán Sóisialta

Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais don phost Comhordaitheoir Meán Sóisialta.

Beidh an té a cheapfar ar dhuine d’Fhoireann Margaíochta TG4 agus iad freagrach as comhordú agus forbairt a dhéanamh ar ardáin Meán Sóisialta TG4. 

Is den tábhacht iad na Meáin Shóisialta do TG4 chun nascadh a dhéanamh leis an bpobal féachana agus le pobal nua a mhealladh chuig ábhar TG4.  Cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar TG4, sainscil agus taithí acu ar na hardáin Shóisialta, agus Gaeilge & Béarla den scoth acu.

An Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú a dhéanamh ar obair Mheáin Shóisialta TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cumarsáide.  I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Glór TG4 ar na meáin shóisialta a fhorbairt i gcomhar le foireann margaíochta TG4. 
  • Bainistiú a dhéanamh ar ardáin shóisialta TG4.
  • Feachtais mhargaíochta do na meáin shóisialta a léiriú, a fhorbairt agus a sceidealú. 
  • Cumarsáid, comhrá, agus aiseolas a thabhairt don phobal. 
  • Tuiscint ar na hathruithe a thagann ar na hardáin shóisialta agus na hathruithe sin a chur i bhfeidhm ar ardáin TG4. 
  • Treoir a thabhairt maidir le feachtais agus comhoibriú le foirne cruthaitheacha, cumarsáide agus láithreachais an chainéil ar na feachtais. 
  • Anailís a dhéanamh ar fheachtais agus tuairiscí a ullmhú. 

Nithe atá riachtanach don phost seo:.

  • Sárthuiscint ar TG4 agus a lucht féachana.
  • Taithí ábhartha agus sárthuiscint ar na hardáin shóisialta.
  • Cruinneas i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla.
  • Cumas cóipscríbhneoireachta atá tarraingteach agus a thagann le glór TG4 ar na hardáin shóisialta. 
  • Scileanna idirphearsanra agus cumarsáide.
  • Dearcadh dearfach, solúbtha agus a bheith in ann obair a dhéanamh faoi bhrú. 
  • Scileanna eagrúcháin agus pleanála agus in ann treoir a thabhairt. 

Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé Luain an 31 Bealtaine 2021.

Conradh 3 bliana atá i gceist sa phost seo.

Is í an Ghaeilge teanga na hoibre i TG4. 

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: Bealtaine 31ú








Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds
Various Department Positions
Ros na Rún   Deadline: 6th May, 2024
Irish Internship
Tyrone Productions   Deadline: 8th May, 2024
Marketing & Publicity Manager
The Irish Film Institute   Deadline: 12th May, 2024


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri